Scroll to content
School Logo

St. Colmcille's Primary School
and Learning Support Centres

πŸ“šπŸ₯³ Scoil Spreagtha - Irish Language Programme πŸ“šπŸ₯³

We are delighted to announce that we are one of the chosen schools to take part in the brand new accredited scheme ‘Scoil Spreagtha’.

‘Scoil Spreagtha’ is an accredited scheme to recognise and celebrate efforts made by English-medium schools to encourage the use of Irish in the school environment. ‘Scoil Spreagtha’ in its design aims to inspire schools to showcase and expand their efforts to promote the use of Irish in the school setting. 

‘Scoil Spreagtha’ is the most substantial scheme for the promotion of languages in our education system. Running from November to June, the scheme will culminate in end-of-year celebration events where successful schools, who have fully met the scheme’s accreditation criteria, will receive their ‘Scoil Spreagtha’ status for the 2023-2024 academic year. We look forward to working towards reaching our accreditation and appreciate your support in our efforts.

Thank you!

*******************

A chairde,

Cuireann sé gliondar ar ár gcroithe insint daoibh gur roghnaíodh muid le bheith ar scoil de na scoileanna a bheas páirteach sa scéim chreidiúnaithe úr ‘Scoil Spreagtha’.

Beidh ‘Scoil Spreagtha’ ina scéim chreidiúnaithe agus cheiliúrtha a spreagfaidh na hiarrachtaí sin i scoileanna lán-Bhéarla úsáid na Gaeilge a chothú i dtimpeallacht na scoile. Forbraíodh ‘Scoil Spreagtha’ ar an chuspóir go mbeadh an scéim ina hinspioráid ag scoileanna a n-iarrachtaí ár dteanga dhúchais a chur chun cinn i suíomh na scoile a léiriú agus a mhéadú. 

Tá ‘Scoil Spreagtha’ ar an scéim is mó agus is tábhachtaí i gcur chun cinn na dteangacha ó thuaidh ó cuireadh stop leis an scéim ‘Primary Modern Languages’ i 2015. Ag rith ó mhí na Samhna 2023 go mí an Mheithimh 2024, tiocfaidh an scéim chun buaice ag deireadh na scoilbhliana le himeachtaí ceiliúrtha ag a mbronnfar stádas mar ‘Scoil Spreagtha’ ar na scoileanna rathúla don scoilbhliain 2023-2024. Tá muid ag dúil go mór le bheith ag obair i dtreo na creidiúnaithe agus bheimis fíorbhuíoch as bhur dtacaíocht lenár n-iarrachtaí. 

Go raibh maith agaibh!

Scoil Spreagtha Gael Linn Foras na Gaeilge

Top